Thursday, September 6, 2012


An tEarrch Thiar

Mairtín Ó Direain

 

MeánFómhair 2012

Ms. Cosgrove

Ceist shamplach : Paipéar Scrúduithe 2012

1.      “ Baineann an file úsáid éifeachtach as íomhánna agus as fuaimeanna chun a bhfuil ina chroí istigh a nochtadh dúinn sa dán An tEarrach thiar “

Déan plé gairid ar an ráiteas sin.

2.      Críochnaíonn gach véarsa leis an line “San Earrach thiar”. Cén éifeacht a bhaineann le hathrá na bhfocal sin, dar leat

3.      Scríobh nóta gairid ar shaol agus ar shaothar an fhile seo.

 

Ceist 1

Gan amhras ar bith aontaím leis an ráiteas thuas go mbaineann an file úsáid éifeachtach as íomhanna agus fuaimeanna chun ruin agus mothúchain a chroí istigh  a nochtadh. Is léir dúinn ón dán seo go bhfuil cion agus grá láidir ag an bhfile dá áit dúchais, Inis Mór, Árann. Léiríonn an file an meas atá aige don oileán dúinn trí na híomhánna agus na fuaimeanna a úsáideann sé sa dán seo.

Sa chéad véarsa faighimid pictiúr de fhear ag obair sa gharraí ag glanadh a spáide. Sin íomhá an Earraigh. Lá bhreá álainn agus an fear ag obair sa pháirc. Tá fuaim ag baint leis an íomhá seo freisin, fuaim na hoibre an fear ag glanadh an cré den spád. Tá ról tábhachtach ag an íomhá seo sa dán mar léiríonn sé dúinn an bród atá ag an bhfile dá áit dúchais agus na cuimhní deasa atá ina chroí den áit.

Sa dara véarsa faighimid pictiúir de fhear ag bailiú feammaine agus ag grian ag lonrú ar an bhfeammaine. Íomha eile den saol ídealach agus an pictiúr ídealach den oileán atá i gcroí an fhile. Sa triú véarsa tá pictiúr de mhná cois cladaigh ag obair agus a gcótaí tí orthu. Pictiúr eile ó chuimhní an fhile.

Sa cheathrú véarsa tá iomhá de na fir ag teacht abhaile sna báid atá lán le héisc. Tá an fharraige bhreá chiúin agus tá fuaim na maidí ramha le cloisteáil ag iomartha trí na tonnta. Tugann an file pictiúr ídelach breá dúinn anseo freisin. Lá álainn san Earrach agus neart le hithe ón bhfarraige agus muintir an oileáin ábalta slí maireachtála a dhéanamh dóibh féin ón talamh nó ón bhfarraige. Gnáthimeachtaí an oileáin i gcroí agus cuimhní an fhile.

 

Níl aon dabht againn ó thus deireadh na híomhanna agus na fuaimeanna atá le fail sa dán seo go léiríonn said an grá agus an bród atá i gcroí an fhile don oileán. Braithaimid an cumha freisin mar bhí na cuimhí seo an tábhachtach don fhile chun ealú ón mbrú agus struas an tsaoil sa chathair. Tá maoithneachas deoraí dá bhaile dúchais le brath go láidir sa dán seo freisin. Níl aon dabht go bhfuil na gnéithe thuas i gcroí an fhile agus léiríonn an file na mothúcháin atá ina chroí dúinn trí na híomhanna agus na fuaimeanna a úsáideann sé sa dán seo.

 

Ceist 2

Creidim go bhfuil an curfá an-éifeachtach sa dán seo an tEarrach Thiar. Úsáideann an file athrá ag deireadh gach véarsa nuair a úsáideann sé an line “san Earrach Thiar” Baineann an file úsáid as an athrá chun béim a chur ar an teachtaireacht atá a dhéanamh aige sa dán seo. Cruthaíonn an file pictiúir dúinn den gnáthshaol an oileáin san Earrach, fear ag obair sa gharraí, fear eile ag bailiú feammaine, mná ag obair cois farraige agus na fir ag teacht abhaile ar na báid lán le héisc. Sin saol an oileáin nuair a bhí an file ag fás aníos ar an oiléan. Ta an file ag iarraidh pictiúr breá a chur os ár gcomhair den áit. Níl an dabht agam ón athrá atá le fail sa dán go raibh séasúr an earraigh an tábhachtach ar an oileán . Tuigimid go maith ó stair sósialta na tire seo go raibh séasúr an geimhridh crua ar na hoileáin, ganntanas bia go háirithe. Tuigimid ón dán go bhuil an tEarrach níos deise do mhuintir an oileáin mar bheadh an aimsir níos fearr don fheirmeoireacht agus bheadh an fharraige níos ciúine don iascaireacht. Níl aon dabht agam go mbaineann an file úsáid as an athrá go forleathan sa dán chun téama an dáin a treisiú agus sin é saol an oileáin agus an grá agus an bród atá ag an bhfile dá áit dúchais.

1 comment:

  1. DAOINE LÁ MÓ DAOINE DUDLIN

    TREOIR FAOI DHÉANAMH IARRATAS AR TÍOCHT DE CHOMHLACHTAÍ CUIDEACHTA MEANNAITHE AGUS GINEÁLACHA A FHÁIL I DÉANAMH CALLED gnólacht iasachta Albaker. Táim AM AN TÁSÁIL ACHOINEACHTA AGUS DÍOCHTA GHNÍOMH CUIDEACHTA IOMLÁN LUIS.
    ,
    Is é mo ainm Abdullah Tá mé ó chathair i Sligeach na hÉireann, tá mé ag cuardach cuideachta iasachta fíor le 5 mhí anuas, teach a cheannach
    Ba é gach rud a fuair mé go leor scams a thug orm muinín a thabhairt dóibh agus ag an deireadh
    den lá, ghlac siad mo chuid airgid gan aon ní a thabhairt ar ais, go léir
    cailleadh mo dóchas, fuair mé mearbhall agus frustrated, ní raibh mé ag iarraidh rud ar bith a dhéanamh le cuideachtaí iasachta ar an idirlíon, agus chuaigh mé chun airgead a fháil ar iasacht ó
    cara, dúradh liom gach rud a tharla agus dúirt sí gur féidir léi cuidiú liom, sin
    tá a fhios ag cuideachta iasachta ar féidir liom cabhrú le haon mhéid iasachta
    ag teastáil uaim le ráta úis an-íseal de 2%, go bhfuair sí a
    iasacht uaidh, d'ordaigh sí dom conas iarratas a dhéanamh ar an iasacht, rinne mé
    díreach mar a d'inis sí liom, chuir mé iarratas orthu ar R-phost: (albakerloanfirm@gmail.com) riamh chreid mé ach rinne mé iarracht
    an t-iontas is mó a fuair mé an iasacht laistigh de 24 uair an chloig, ní raibh mé in ann a chreidiúint,
    Táim sásta agus saibhir arís agus táim ag buíochas le Dia go bhfuil an iasacht sin
    tá cuideachtaí mar seo ann fós ar na scams seo ar fud na háiteanna,
    le do thoil, comhairle a thabhairt do gach duine amach ann a bhfuil gá le hiasacht le dul
    (albakerloanfirm@gmail.com) ní theipeann ort riamh, agus
    athróidh do shaol mar a rinne mé. Téigh i dteagmháil le do thoil (albakerloanfirm@gmail.com) inniu agus do iasacht a fháil uaidh, déantásaíocht Dia Dia Albaker as a bhfíor tairiscint iasachta.
     Bí cinnte go dtéann tú i dteagmháil le gnólacht iasachta Albaker as do chuid iasachta toisc go bhfuair mé mo iasacht go rathúil ón gcuideachta seo gan strus.

    ReplyDelete