Córas Oideachais
Saol an dalta sa lá atá inniu ann
Ms. Cosgrove
Eanáir 2012
Ceapadóireacht
600 focal
Tá tú ag iarraidh aiste mhaith a
scríobh agus marcanna airde a fháil sna scrúduithe,
Cén chaoi a dhéanann tú é sin?
1.
Pleanáil
2.
Ábhar maith
3.
Gramadach
·
Tús
maith
Ag déanamh
tagairte do theideal na haiste agus ag léiríu go soileár cad a bheidh le rá
agat san aiste. Déanann tu cur síos ar na pointí a bheidh á phlé agat.
Caithfidh tú
úsáid a bhaint as frasaí éagsúla na Gaeilge chun marcanna a fháil ó thaobh saibhreas
teanga de, mar shampla: tá fios ag an domhan is a mháthair.
·
Croí na hAiste
Caithfidh tú
nasc a dhéanamh idir an eolas agus an teideal, teastaíonn sé alt a dhéanann cur
síos ar phointe difriúil.
Ba cheart go
mbeadh staitisticí le fail chomh maith le heolas crinn agus leathan ar an
ábhar.
Caithfear
roinnt frásaí atá nadúrtha sa teanga agus seanfhocail a bheith le fail san
aiste
Bí ag
smaoineamh ar an ngramadach i gcónaí.
·
Críoch nó
Deireadh na hAiste
Ag deireadh
na haiste caithfidh tú nasc a dhéanamh arís idir teideal na haiste agus na
mórpointí atá pléite agat san aiste. Arís teastaíonn gramadach den chéad scoth
uait agus frásaí deasa .
Saol an Dalta Scoile sa lá atá inniu ann!!!!
Frásaí ó
thaobh an oideachais de:
Meánscoil Ollscoil Córas na bpointí
Staideár Ag déanamh staidéir
Córas
oideachais Obair leanúnach Measúnú/Scrúduithe
Ábhair Scoile Iarratas CAO Brú Struas
Brú
Aoisghrúpa Ag Ól fadhb na ndrugaí
Seanfhocail
·
Tús maith leath na hoibre
·
Ní bhíonn aon rud ach seal
·
Mol an Óige agus tiocfaidh sí
·
Is aoibheann beatha an scoláire
Saol an Dalta
Scoile sa la atá inniu ann
Tá cúpla noiméad caite agamsa ag
féachaint ar theideal na haiste seo. Saol an dalta scoile sa lá atá inniu ann.
Gan amhras ar bith tá go leor daltaí scoile timpeall na tíre seo agus ar fud an
domhain le taithí éagsúla acu ar an gcóras oideachais. Braitheann sé ar an tír
agus ar an gcomhthéasc ar chén cinéal saoil atá ag an dalta scoile sa lá atá
inniu ann. San aiste seo beidh mise ag diríu ar an dalta scoile sa tír seo agus
go deimhin an dalta scoile coisiúil liomsa atá ag ullmhú i gcomhair na
hardteiste. Beidh mé ag diriú ar na pointí seo a leanas le linn na haiste seo,
An Córas Oideachais sa tír seo agus an Córas Iontrála ag an triú leibheál agus
an brú agus an struas a chuireann na gnéithe sin ar an dalta. Beidh mé ag
féachaint ar bhrú scoile chomh maith le brú aoisghrúpa gan tagairt a dhéanamh
ar chuid de na pointí a bheidh a phlé agam. Táim cinnte go mbeidh tú ag aontú
liom ar roinnt de na pointí a bheidh a dhéanamh agam agus ag aosaontú ar roinnt
eile. Ach is é sin an chaoi ina bhíonn an domhan ag feidhmiú.
Is dóigh liom ba cheart domsa an
aiste seo a thosnú coisiúil leis na mílte dalta eile ata á dhéanamh na haiste
seo le seanfhocal. Is aoibheann beatha an scoláire nó mol an óige agus
tiocfaidh sí. Gan amhras ar bith tá tábhacht ag baint leis na focail
ciallmhaire thuas ach í mo thuairmsa ta ceist níos práinnaí againn. Cinnte
bíonn laethanta iontacha ag daoine óga ar scoil agus éiríonn daltaí thar cionn
nuair a fhaigheann siad moladh ó na múinteoirí ach tá laethanta scoile an duine
óg ag athrú go mór mór ó bhlain go bliain. I mo thuairmse tá i bhfád níos mó
struas agus brú i saol an dhuine óig sa lá atá inniu ann. Cén fáth? Tá go leor cúiseanna agus táim chun cur síos
a dhéanamh orthu anois.
Is seancheist le meirg uirthi, An
Córas Oideachais in Éirinn sa lá atá inniu ann nó éifeachtacht an córas
oideachais sa tír seo. Tá fios ag an domhan is a mháthair an chaoi a oibríonn
an córas oideachais anseo in Éirinn ag an dara Leibheál. Ullmhaíonn tú i
dtosach báire i gcomhair an Teastas Sóirseach agus dhá bhliain ina dhiaidh sin
bíonn an ceann mór “ An Ardteist”. Ceapaim go gcuirtear an t-uafás béime ar an
scrúdú seo sa tir seo. Tóg noiméad agus smaoinigh ar, Aon uair a chuireann tú
an teilifís nó an radio ar siúl roimh na scrúduithe bíonn scéalta le fáil faoi
na scrúduithe. Is féidir leat a rá go raibh an ghné sin i gcónaí bainteach leis
na scrúduithe ach an dalta scoile sa lá atá inniu ann tá níos mó brú orthu.