Wednesday, August 29, 2012


An Córas Oideachais

 

Is ceist phráinneach í an córas oideachais sa tír seo. Tá go leor tuairimí éagsúla ag daoine ar an gcóras oideachais sa tír seo. Gach uair a chásaimid an teilifís nó an radio ar siúl bíonn scéalta le fáil faoin gcóras oideachais, athruithe atá le déanamh nó daoine ag gearrán. Ceapaim go bhfuil ról fíor tábhachtach ag an gcóras oideachais sa tír seo agus sa sochaí go ginerálta. San aiste seo beidh mé ag déanamh machnaimh ar na gnéithe is tábhachtaí ó thaobh oideachais de, an bunscoil, méanscoil agus ollscoil. Feicfidh mé ar scrúduithe agus an brú agus struas a bhíonn ar dhaoine óga.

 

Ar dtosach báire ba mhaith liom m’aiste a thosnú ag an tús leis an mbunscoil. Tosaíonn páistí ag an mbunscoil nuair a bhíonn siad ceithre bliana d’aois. Déanann na daltaí staidéar ar rogha leathan ábhar mar shampla Gaeilge, Béarla, Máta agus múintear scileanna sríbhnóireacht dóibh agus léitheoireacht. Déanann an córas oidechais forbairt ar na páistí mar dhaoine freisin ach ceapaim go bhfuil cúpla bealach ina féidir leis an góras oideachais feabhsú ag an mbunscoil. Ceapaim go mbeadh sé iontach ó thaobh mo thaithí pearsanta féin go mbeadh deis an daltaí tús a chur le foghlaim teanga iasacht sa bhunscoil agus ceapaim go mbeadh sé níos fearr dá mbeadh níos mó béime ar an ngaeilge labhartha sa bhunscoil.

No comments:

Post a Comment